MediaWise 1st and 2nd Class Primary (IE - Irish)

Regular price

Shipping calculated at checkout.

Is é is MediaWise ann ná acmhainn litearthachta meán ar dhear múinteoirí bunscoile agus saineolaithe tionscail í chun cabhrú le leanaí ciall a bhaint as an saol digiteach agus scileanna litearthachta meán ar feadh an tsaoil a fhorbairt. Trí scileanna smaointeoireachta criticiúla a theagasc do leanaí, cabhrófar leo na meáin, an mhargaíocht agus an fhógraíocht a thuiscint.

Is do Rang a hAon agus Rang a Dó atá an leabhar seo agus beidh sé ina chabhair le linn cur ar chumas leanaí bunscoile na nithe seo a leanas a dhéanamh:

• A bheith in ann a mhíniú cad is na meáin ann,
• Tuiscint a ghnóthú ar an bhfógraíocht agus ar an spriocdhíriú,
• Téacs áititheach, ráitis tacaíochta ó cheiliúráin agus steiréitíopaí a thuiscint,
• Scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt chun ábhar míthreorach nó mífhaisnéis a shainaithint,
• Roghanna níos eolasaí a dhéanamh, ar roghanna iad atá bunaithe ar a meastóireacht ar theachtaireachtaí ó na meáin.

Tá sé ar fáil lena íoslódáil i mBéarla agus i nGaeilge 

Tá acmhainní uile safefood ar fáil lena n-ordú saor in aisce agus seoltar iad gan aon chostas don úsáideoir.

Méid: A4